An bhfuil seomra breise agat? Cláraigh le Bunachar na dTeaghlach Óstach
An bfhuil seomra breise agat i ngiorracht Ghráinseach Ghormáin, Bhaile Bhlainséir, Shráid Bolton, Shráid Aungier nó Tamhlachta?
An bhfuil seomra breise agat? Cláraigh le Bunachar na dTeaghlach Óstach
An bfhuil seomra breise agat i ngiorracht Ghráinseach Ghormáin, Bhaile Bhlainséir, Shráid Bolton, Shráid Aungier nó Tamhlachta?
Tá Bunachar na dTeaghlach Óstach á uasdátú ag Seirbhís Lóistín OT Baile Átha Cliath do mhic léinn a bheidh ag cur tús le bliain úr acadúil i Meán Fómhair 2022.
Céard is Teaghlach Óstach ann?
Cuireann Teaghlach Óstach lóistín ar fáil do mhac léinn ar bhonn féinfhreastail, leaba agus bricfeasta, nó lánlóistín, ar chostas idir €165 agus €220 in aghaidh na seachtaine. Is iondúil go roghnaíonn mic léinn fanacht cúig nó seacht oíche sa tseachtain; ach i gcásanna áirithe, d’fhéadfaí síos le trí lá a bheith i gceist. Má chuireann tú seomra ar cíos do mhac léinn, d’fhéadfaí an t-ioncam (suas le €14,000) a bheith soar ó chain. Tá tuilleadh eolas faoin “Rent-a-Room Relief” ar fáil ar shuíomh na gCoimisinéirí Ioncaim.
Cén chaoi ar féidir liom clárú?
Le fógraíocht a dhéanamh ar sheomra do mhic léinn OT Baile Átha Cliath, is gá fógra a chruthú ar an ‘TU Dublin Student Pad’. Mínítear céim-ar-chéim an próiseas clárúcháin le cuntas a chruthú agus le fógra a chur ar an suíomh.
Cá féidir liom ceisteanna eile a fhiosrú?
Is féidir teagmháil a dhéanamh le Foireann Lóistín OT Baile Átha Cliath ar ríomhphost ag studentaccommodation@tudublin.ie nó ar an nguthán ag 01 220 5600.