Fógraíonn Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath Cuardach don Chéad Uachtarán Eile

Published: 20 MFómh, 2024

Tá cuardach fógartha ag Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (OT Baile Átha Cliath), an ollscoil teicneolaíochta is mó in Éirinn, le haghaidh Uachtarán nua. Beidh an t-iarrthóir rathúil i gceannas ar an dara hInstitiúid Ardoideachais is mó in Éirinn le linn tréimhse ina bhfuil athruithe móra earnála ag titim amach

 

Ó bunaíodh í in 2019 mar an chéad Ollscoil Teicneolaíochta in Éirinn, tá OT Baile Átha Cliath tagtha chun cinn go tapa mar phríomhghníomhaire i dtimpeallacht an Ardoideachais in Éirinn. Mar thoradh ar chumasc trí institiúid - Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Institiúid Teicneolaíochta Thamhlachta agus Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Bhlainséir - tá pobal bríomhar de thart ar 28,500 mac léinn agus os cionn 3,000 ball foirne ann. Is in OT Baile Átha Cliath atá an iontógáil is mó mac léinn tríd an gcóras CAO anois, ar léiriú é ar an tionchar agus an tóir atá ag dul i méid.

Ina gcáil mar Uachtarán, feidhmeoidh an t-iarrthóir rathúil mar phríomhoifigeach agus duine cuntasach na hOllscoile, agus comhlíonfaidh siad an cód cleachtais maidir le rialachas comhlachtaí poiblí. Ag tuairisciú don Bhord Rialaithe agus ag obair laistigh de chreat reachtach Acht na nOllscoileanna Teicneolaíochta, 2018 agus Acht an Údaráis um Ard-Oideachas, 2022, is ceannaire eisceachtúil agus dílis a bheidh sa té a cheapfar a mbeidh scileanna líonraithe, cumarsáide, comhoibrithe agus anailíse den scoth acu. Scoláire a bhfuil ardmheas orthu agus a bhfuil teist léirithe acu mar cheannaire acadúil tiomanta, tuisceanach, éifeachtach agus díograiseach ar féidir leo smaointe misniúla a chur i gcrích.

Leagtar amach i mbróisiúr na n-iarrthóirí thíos sonraí faoin ról, lena n-áirítear an cheannaireacht feidhmiúcháin, acadúil agus ionadaíoch a theastaíonn, chun an Ollscoil a stiúradh i dtreo na hinbhuanaitheachta airgeadais, agus cothromaíocht inscne agus comhionannas deiseanna a chur chun cinn i measc mac léinn agus ball foirne.

Conas Iarratas a Dhéanamh

Is féidir le hiarrthóirí ar spéis leo é tuilleadh eolais a fháil agus iarratas a dhéanamh ar an ról trí Forvis Mazars, atá ag bainistiú an phróisis earcaíochta thar ceann OT Baile Átha Cliath. Is é an spriocdháta le haghaidh iarratas ná Dé Luain, an 14 Deireadh Fómhair 2024, ag 12 meán lae, am na hÉireann.

Le haghaidh tuilleadh sonraí, tabhair cuairt ar Forvis Mazars Executive Recruitment nó déan teagmháil lena bhFoireann Earcaíochta Feidhmiúcháin trí ríomhphost ag execrecruit@mazars.ie nó ar an bhfón ag +353 (1) 449 4400.

Beidh Forvis Mazars ag bainistiú gach gné den tionscadal earcaíochta seo thar ceann OT Baile Átha Cliath. Níor chóir aon fhiosrúcháin ná aon chanbhasáil a dhéanamh go díreach chuig OT Baile Átha Cliath.