Seolann OT Baile Átha Cliath Feachtas Branda Nua ‘Sáraigh an Fhoghlaim’
Sheol Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (OT Baile Átha Cliath) a céad fheachtas branda inniu, cloch mhíle shuntasach ó seoladh an Ollscoil beagnach cúig bliana ó shin. Cruthaíodh OT Baile Átha Cliath ó chumasc Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Bhlainséir, agus Institiúid Teicneolaíochta Thamhlachta i mí Eanáir 2019 chun bheith mar an dara hOllscoil is mó in Éirinn.
Trí úsáid a bhaint as an sluán “Sáraigh an Fhoghlaim”, leagtar béim san fheachtas nua ar an gcaoi a thagann teoiric, comhoibriú agus cur i bhfeidhm praiticiúil le chéile in OT Baile Átha Cliath chun eispéireas foghlama níos fearr a chruthú do mhic léinn. Beidh sé ar siúl ar an teilifís, BVOD, agus YouTube, chomh maith le cainéil meán sóisialta tosaigh, leis an láithreacht teilifíse ar siúl don mhí seo amach romhainn agus arís san athbhliain.
“Is infheistíocht é an feachtas seo inár straitéis chun cur leis an Ollscoil is nuaí i mBaile Átha Cliath,” a dúirt Mark Henry, Ceann Cumarsáide agus Margaíochta OT Baile Átha Cliath. “Creidimid go bhfuil infheistíocht chun ár mbranda a thógáil ríthábhachtach chun sciar níos mó de rolluithe mac léinn a bhaint amach sna blianta amach romhainn, agus chun baill foirne agus comhpháirtithe fiontraíochta cumasacha a mhealladh a bheidh ag teastáil le bheith rathúil mar an dara hOllscoil is mó in Éirinn.”
Rinneadh an feachtas a scannánú ar fud champais na hOllscoile i nGráinseach Ghormáin, i mBaile Bhlainséir, agus i dTamhlacht, agus tá stíl mheasctha meán ar leith le feiceáil ann le píosa scannánaíochta agus beochan curtha le chéile. “Mar an scoil taibhealaíon is mó in Éirinn, táimid bródúil as a rá go bhfuil mic léinn agus baill foirne OT Baile Átha Cliath le feiceáil i ngach radharc,” a dúirt Henry.
Ag scannánú fheachtas branda nua OT Baile Átha Cliath i nGráinseach Ghormáin bhí Mark Henry, Ceann Cumarsáide agus Margaíochta OT Baile Átha Cliath, Sarah Mooney, céimí le gairid de chuid OT Baile Átha Cliath a ghlacann páirt san fheachtas, agus an Stiúrthóir Grianghrafadóireachta Joseph Ingersoll.
Beidh an feachtas Sáraigh an Fhoghlaim ar siúl go ceann trí bliana, le tacaíocht ó ghníomhaíochtaí margaíochta agus cumarsáide oirbheartaíochta chun mic léinn CAO a earcú le haghaidh Laethanta Oscailte agus rannpháirtithe do chúrsaí iarchéime.
Is comhaontas cruthaitheach agus straitéiseach é an feachtas a chruthaigh BBDO Dublin i gcomhar le beochan Sugar Blood, le socrúchán sna meáin ag Havas Media, chun seasamh OT Baile Átha Cliath mar phríomhinstitiúid i dtírdhreach oideachais na hÉireann a threisiú.