Spotsolas ar Bhaill Foirne: Taighdeoir Sinsearach agus Gaeilgeoir, Roza Paterek

Published: 28 Feb, 2025

Le linn Seachtain na Gaeilge i mbliana, ba mhaith linn aitheantas a thabhairt do dhuine dár mbaill foirne ar Gaeilgeoir í, Roza Paterek

Ón Pholainn ó dhúchas di, tá Roza Paterek ina Cúntóir Taighde Sinsearach in Ionad Taighde d’Innealtóireacht na Teicneolaíochta Dromchla (CREST) in OT Baile Átha Cliath. Is í CREST an t-aon saotharlann ar oileán na hÉireann atá dírithe ar bhratuithe dromchla, ag freastal ar riachtanais na n-earnálacha innealtóireachta, aeraspáis, uathghluaisneach, ailtireachta, leictreonaice, bithleighis agus cúram sláinte.

Cuir muid ceisteanna ar Roza faoina taighde agus faoina taithí mar chainteoir Gaeilge in OT Baile Átha Cliath.

  • Céard a spreag tú chun na Gaeilge a fhoghlaim?

Nuair a bhog mo thuismitheoirí go hÉirinn ón bPolainn i 2004, ní raibh fhios acu go raibh siad ag bogadh go dtí an Ghaeltacht. Thosaigh mé freastal ar an mbunscoil i mBaile Mhúirne, agus thosaigh mé ag foghlaim na Gaeilge agus an Bhéarla ag an am céanna.

  • An raibh sé deacair an teanga a fhoghlaim? Cad iad na dúshláin a bhí romhat?

Bhí sé deacair ar dtús mar ní raibh mórán Béarla agam ach an oiread, agus bhí sé deacair orm a thuiscint cad a bhí ag tarlú thart timpeall orm. Ach a luaithe is a bhí sé de chumas agam an difríocht idir an Béarla agus an Ghaeilge a aithint, d’éirigh sé i bhfad níos éasca. Chabhraigh sé go mór freisin go raibh mé tumtha sa teanga ó thús ós rud é go raibh  mo chuid oideachais ar fad trí Ghaeilge.

  • An féidir leat insint dúinn faoi do chúlra agus do réimse taighde?

Rinne mé staidéar ar ADN agus ar Anailís Fhóiréinseach anseo in OT Baile Átha Cliath agus thosaigh mé ag obair i dtaighde agus mé ag críochnú mo bhliain dheireanach. Fuair mé post mar thaighdeoir in MiCRA Bi-Dhiagnóisic, geata fiontair de chuid Fiontraíocht Éireann in OT Baile Átha Cliath. Chomh maith leis sin, thosaigh mé ar PhD páirtaimseartha san anailís cheimice agus mé ag obair go lánaimseartha. Faoi láthair, táim ag obair i ngeata CREST  in OT Baile Átha Cliath agus mé ag leanúint ar aghaidh le mo PhD.

  • Cén ionchur a bhíonn ag do chuid oibre maidir le do réimse nó leis an tsochaí níos leithne?

Ceadaíonn mo chuid oibre dom comhoibriú le raon comhlachtaí agus eagraíochtaí éagsúla, ag leathnú ar thaighde agus nuálaíocht chun réitigh inbhuanaithe a chruthú agus teicneolaíochtaí tástála agus scagtha a chur chun cinn. Faighim an deis freisin obair le go leor daoine ó chúlraí difriúla ar raon leathan tionscadal.

  • Conas a fhreagraíonn daoine nuair a chloiseann siad thú ag labhairt na Gaeilge, mar Pholannach?

Ceapaim nach mbíonn a fhios ag a bhformhór acu gur Polannach mé mura n-insím dóibh é, nó mura bhfeiceann siad m’ainm. Ach nuair a fhaigheann siad amach gur as an bPolainn dom agus go bhfuil Gaeilge agam, bíonn ionadh orthu de ghnáth. Go háirithe más Éireannach iad nach bhfuil an teanga acu féin. Deir a lán daoine liom gur mian leo í a labhairt níos fearr.

  • An gceapann go raibh foghlaim na Gaeilge ina cabhair leat maidir le tuiscint níos fearr a fháil ar chultúr na hÉireann?

Ceapaim go bhfuil sé tar éis cabhrú liom an cultúr a thuiscint go pointe áirithe. Bhí an Ghaeilge i gcónaí thart timpeall orm agus mé ag fás aníos, chomh maith le ceol traidisiúnta agus béaloideas an cheantair. Ansin, nuair a bhog mé go mBaile Átha Cliath, thug sé meas agus tuiscint níos doimhne dom ar an gcultúr.

Maireann Seachtain na Gaeilge ó 1-17 Márta 2025. Téigh i dteagmháil lenár n-oifig Ghaeilge (nasc) chun fáil amach conas is féidir leat do scileanna Gaeilge a fhorbairt

Foghlaim tuilleadh faoi CREST anseo