Is í Oifig na Gaeilge an oifig atá freagrach as úsáid, infheictheacht, oiliúint agus as stádas na Gaeilge a fhorbairt i measc mhic léinn agus bhaill foirne de chuid Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath. Baintear na spriocanna seo amach trí raon leathan de thionscadail lena n-áirítear:
- ranganna Gaeilge agus deiseanna le cáilíocht ó thaobh cumas teanga a bhaint amach a eagrú
- scoláireachtaí do bhaill foirne agus do mhic léinn le freastal ar chúrsaí sa Ghaeltacht a stiúradh
- tionscnaimh mac léinn a eagrú
- imeachtaí sóisialta is cultúrtha a chuireann úsáid na Gaeilge chun cinn a éascú
- seirbhís aistriúcháin a chur ar fáil
- maoirseacht agus monatóireacht a dhéanamh ar dhualgais na hOllscoile i dtaca le hAcht na dTeangacha Oifigiúla
Bí i dteagmháil le Oifig na Gaeilge trí r.phost a sheoladh chuig gaeilge@tudublin.ie nó is féidir leat muid a leanúint ar Instagram @tudublin_oifignagaeilge agus ar Twitter @TUDublinOnaG.