Cúrsaí Gaeltachta
Tá scoláireachtaí á dtairiscint ag Oifig na Gaeilge do bhaill foirne is mic léinn reatha OT Baile Átha Cliath ar mhaith leo freastal ar chúrsa Gaeilge an samhradh seo.
Tá cúrsaí seachtaine ag leibhéil éagsúla á dtairiscint ag Oideas Gael atá suite sa Ghaeltacht i nDún na nGall. Tá cúrsaí eagsúla ar fáil ó sholáthróirí eile chomh maith.
Is féidir le baill foirne reatha OT Baile Átha Cliath ar mhaith leo freastal ar chúrsa Gaeilge ag leibhéal ar bith iarratas a dhéanamh ar an scoláireacht. Clúdóidh an scoláireacht 80% de chostas iomlán an chúrsa ag uasteorainn de €200 an duine i dtreo tháillí an chúrsa.
Tá iarratais 2025 oscailte faoi láthair. Is féidir iarratas a chur isteach anseo. Is é 25 Aibreán 2025 an spriocdháta d'iarratais.
Gheobhaidh tú deimhniú taobh istigh de sheachtain. Caithfidh na hiarratasóirí a n-éireoidh leo ansin clárú agus íoc as an gcúrsa iad féin leis an soláthróir agus iarraidh orthu Teastas Tinrimh agus Admháil a chur ar fáil nuair a bheidh an cúrsa críochnaithe acu. A luaithe is a fhaigheann Oifig na Gaeilge na cáipéisí seo aisíocfar thú trí CORE Expenses. Aithníonn Acmhainní Daonna an t-am a chaitear ar na cúrsaí Gaeilge / Gaeltachta seo mar oiliúint ach caithfidh tú cead a fháil roimh ré ó do bhainisteoir líne le freastal ar aon chúrsa. Caith súil ar an liosta de na Cúrsaí Samhraidh Gaeilge / Gaeltachta éagsúla ar fáil.
Cúrsaí Samhraidh Gaeilge/Gaeltachta 2025 | |||
---|---|---|---|
Oidhreacht Chorca Dhuibhne | Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí | (066) 915 6100 | |
Oideas Gael | Gleann Cholm Cille, Co. Dhún na nGall | (074) 973 0248 | |
Gael Linn | 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2 | (01) 675 1200 | |
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge | Áras Mháirtín Uí Chadhain, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe | (091) 595 101/595 038 | |
Comharchumann Ráth Chairn | Ráth Chairn, Baile Átha Buí, Co. na Mí | (046) 943 2381 | |
Colaiste na Rinne | Rinn Ó gCuanach, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge | (058) 46128 | |
Tionól Gaeilge UCD | UCD Scoil Samhraidh | - |
Is féidir le mic léinn reatha OT Baile Átha Cliath ar mhaith leo freastal ar chúrsa Gaeilge ag leibhéal ar bith iarratas a dhéanamh ar an scoláireacht chun seachtain a chaitheamh ag foghlaim na Gaeilge. Clúdóidh an scoláireacht 90% de chostas iomlán an chúrsa ag uasteorainn de €250 an duine. Tá iarratais 2025 oscailte faoi láthair. Is féidir iarratas a chur isteach anseo. Is é 25 Aibreán 2025 an spriocdháta d'iarratais.
Gheobhaidh tú deimhniú laistigh de sheachtain. Caithfidh na hiarratasóirí a n-éireoidh clárú agus íoc as an gcúrsa iad féin leis an soláthróir agus ceist a chur orthu Teastas Tinrimh agus Admháil a chur ar fáil nuair a bheidh an cúrsa críochnaithe acu. A luaithe is a fhaigheann Oifig na Gaeilge na cáipéisí seo aisíocfar thú trí Ríomhaistriú Airgid (EFT).